Tá fáilte romhat

Seo an suíomh gréasáin Chumann Gaeilge na hAstráile. Léigh an leathanch seo chun eolas a fháil faoin gCumann nó téigh go dtí ár ranganna agus buail leis na múinteoirí agus na Daltaí.

Cad a dhéanaimid

Tagann muid le chéile gach oíche dé Máirt ag 7:30in le linn na téarmáí scoile in Victoria. Ranganna Gaeilge ag leibhéil éagsúla atá i gceist. Tá siad oirúnach do daoine fásta aagus tá na múinteoíraí seanaimsearthe go léír. Chomh maith, tá grúpa comhrá coicísiúil againn ach rang ar bith i gcás laethanata soire.

Bíonn oícheanta sóisialta againn chomh maith leis na ranganna agus bímid ag lorg an t-ám ar fad chun Gaeilge a chur chun cinn. I mí Eanáir 2019 beidh Gaeltacht Melbourne ar siúl anseo in Melbourne. Seo duit an leathanach eolais agus anseo an t-iarratas

Seoladh agus áiseanna áitiúla

Is é seoladh na rangaanna ná Level 1, 420-424 William Street, West Melbourne, Vic 3003. Suas na staighre thar ollmhargadh XIN FANG. Tá spásanna parcáilte i sráid William í féin nó i sráid Franklin in aice leis an margadh Victoria. Is iad na seomraí an lárionad reachtais an "Club Celtic" agus níl deochanna le fáil. Níl ann ach siúlóid, áfach, go dtí The Royal Standard Hotel, The Last Jar and The Drunken Poet, chomh maith le Celtic at the Metropolitan.

Scríobh dúinn

Is é ár seoladh nua anois P.O. Box 594, North Melbourne, Vic 3051. Scríobh dúinn agus cuir "Don Rúnaí" ag barr do litir.

Ballríocht

Chun na ranganna a fhreastal, tá ort a bheidh i do bhall den Chumann. Faoi láthair tá an costas $40 gach bliain agus ritheann sé ó Eanair go dtí Mí na Nollaig. Seo foirm iarratais agus ár mBunreacht. Léígh go cúramach é agus freagair an cheist "an aontaím ?".

Nuachtlitreacha

Tá nuachtlitir ceathrúnach againn darb ainm An Fhuinneog Ghaelach agus is féidir leat é a leamh ar ais go dtí uimhir a h-aon. Chomh maith, tá nuactlitir eile ann scríofa ag Colin Ryan, An Lúibín

Ranganna eile

Má tá tú ag lorg ranganna eile áit ar bith san Astráíl seo liosta iomlán scríofa ag ár gcairde in Sydney.

Grúpaí eile

Ní ranganna iad seo ach "expats" ag teacht le chéile ó am go ham chun a gcuid Gaeilge a úsáid. Mar sin, níl siad oirúnachh do tosaitheoirí. De gnáth bíonn siad saor in aisce agus gan ballríocht foirmiúil. Tagann agus téann na grúpaí go minic agus de réir sin nílimid in ann liosta a dhéanamh, ach b'fhéidir leat eolas a a fháil ar facebook nó meán sóisialta.

Íoslódáil

As deireadh na cúise féach ar ár leathanach íoslódáil. Ansin, beidh tú ábalta rudaí a fháil atá an-úsáideach, go mór mór do na tosaitheoirí.