Cumann Gaeilge na hAstráile
Change Language

Seomra Ranga

Doireann de Faoite Dia dhaoibh go léir. Doireann de Faoite is ainm dom.

Is mise ceann de na múinteóirí ag na ranganna Gaeilge seachtainiúil a mbíonn ar siúil againn anseo i Melbourne.

I mbliana tá mé ag múineadh leibhéil a trí. Tá áthas orm tuairisc a thabhairt go bhfuil na daltaí ag obair go dian. Gheobhaidh sibh alán eolais mhaith chun na Gaeilge a mhúineadh ar an Idirlíon, mar sin ar ár "website" tá plean againn sibhse a chabhrú úsáid a dhéanamh as an méid atá foghlamtha agaibh agus comh maith le sin, na ceisteanna is coitianta a mbíonn ag gach éinne a fhreagairt. Sílim féin go mba cheart díobh iarracht a dhéanamh i gcónaí lán úsáid a bhaint as bhur gcuid Gaeilge ins na nósanna laethúil, ar an gcaoi sin, seo dhaoibh ceacht an lae inniú -

Tóg bhur ngrinn is fearr libh agus cuirigí leagan Gaeilge ortha. Obair don aos óg ach sin é an smaoineamh ar fad. Beidh sibh ag úsáid na ndíochlaontaí siúd go léir agus na h-aimsirí i bhfaiteadh na súl.

Anois, déanaigí cleachtadh ag insint bhur ngrinn do bhur gcairde. Ar gháir said?

Seo ceann amháin chun sibhse a chur ar siúil....Cad a thabharfá d'éan tinn? - Tweetment!! Ar aghaidh libh!

Spraoi leis an féilire

Cé mhéad féilirí i do thimpeall ? Má tá tú cosúil le mise, is dócha go bhfuil ceann míosúil le radhairc agat ar bhalla an chistín, b`fhéidir ceann laethúil ar do chrinlín nó b`fhéidir ceann greamaithe de`n gcuisneoir le na laethanta ar a mbailítear bruscar an tí scríobhtha air.

Ní mór é leagan Gaeilge d'fhéilire a dhéanamh duit féin. Cé`n sórt a mbeadh an ceann is úsáideach duit-se? An bhfuil laethanta saoire go soiléir air nó dátaí na gcluiche peile a mbaineann leis an bhfoireann is gile leat ag teastáil uait?

Níl ag teastáil uait ach ríomhaire agus clódóir agus ansin ar agaidh leat. Tamall ó shin, chruthaigh ceann de mo dhaltaí féilire simplí agus is feidir leat cóip (18kb PDF) de a dhéanamh duit féin. Chun é a fheiscint. Tagann sé amach i leataobh ar leathanach A4. Instear dom gurb é "taobh tire" an téarma teicniúil i gcóir an stíl sin de leagan amach, téarma maisiúil.

Ar slí éigin, bain triaill as d`fhéilire féin a chur ar bun agus feic an dhóigh chruthaitheach is féidir leat a fháil. Faigh amach na focail Ghaeilge i gcóir alán rudaí laethúla. Mar shampla-

Ansin, taispeán é do d`mhúinteoir agus déan iarracht cad atá déanta agat a mhíniú as Gaeilge. Tá scéimeanna beaga mar seo an-oiriúnach chun do smaoineamh a choimeád chun an theanga a fhoghlaim cé nach freastalaíonn tú rang ach uair amháin sa sheachtain. Go raibh rith an reatha agat !

Timpeall agus timpeall

Anois, mar fhocal scoir, chonaic formhór de móidíní an Idirlín an rud beag guairneánach a leanann do dhiritheoir luiche timpeall. Tá breith is dá rogha de`n rud sin ar fáil gan stró ach an bhfaca tú é riamh as Gaeilge?

Valid XHTML 1.0! Valid CSS! Level Double-A conformance