Íoslódáil

Seo an leathanach ina bhfuil na daltaí ábalta ábhar oideachais Gaeilge a íoslódáil. I gcás no dhó tá nasc ann go suíomh eile, ach tá gach rud anseo (a) saor in aisce, agus (b) roghnaithe mar úsáideach ag ár mballríocht. Mar sin, bain sult as !

Bog-earraí

Tá rúd amháin ag teastáil ó gach Gaeilgeoir. Conas fada a scríobh ar méarchlár ríomhaire. Nuair a scríobhann tú ríomh-phost mar shampla. Is é cuspóir an bog-earraí seo chun "tilde" a thiontaigh ar "hotkey". Is é an tilde an rud beag tonnach ar chlé den méarchlár, in aice leis an litir Q. Tá dhá rogha ann. Oibríonn Fadas 4 roimh a bhrúnn tú ar an litir agus oibríonn Fadas 5 go díreach tar éis. Déan do rogha agus ansin déan "shortcut" do ar an "deskdop".

Na laethanta seo is féidir leat Gaeilge a úsáid do feidhmeanna éagsúla ar do ríomhaire. Féach ar ár nuachtlitir eagrán 46 chun deachtuithe a fháil.

An raibh a fhios agat ? Má tá fón póca nó tabhall le "touchscreen" agat, beidh tú ábalta fada a dhéanamh gan stró. Brúigh ar an litir agus coinnigh do mhéar ansin. Anois feicfidh tú na roghanna ar litreacha aiceanta. Bhí alt inár nuachtlitir eagrán 46 faoi giorrúcháin agus tusa ag scríobh SMS as Gaeilge.

An raibh a fhios agat ? Má tá fón póca Samsung agat tá Gaeilge cheana ann, agus tá sé ann le fada anuas. Ní "app" é seo agus níl ort rud éigin a insealbhaigh. Is cuid den fón é féin é agus oibríonn sé díreach as an mbosca. Comhgairdeas do Samsung agus a dhéantóirí eile, táimid ag fanacht fós !

Caighdeán OIfigiúil

Tá Caighdeán OIfigiúil Gaeilge ann le fada an lá. Féach ar ár nuachtlitir eagrán 46 agus eagrán 55 chun léirmheas a léamh.

Is féidir leat an Caighdeán é féin a cheannach trí aon díoltóir leabhar Gaeilge nó íoslódáil anseo saor in aisce.

Ailt fada

Is plean é an "Common European Framework (CEF)" dírithe ag "harmonise teaching of European languages by providing a “common basis for the elaboration of language syllabuses, curriculum guidelines, examinations, textbooks, etc. across Europe. Seo é doiciméad le 264 leathanach a léiríonn an rud ar fad. Níl sé leadránach ar chor ar bith. An fhírinne a rá tá sé an-suimiúíl agus bheadh án-chabhrach do duine éigin atá ag foghlaim teanga ar bith. Tá na scrúdaithe TEG (féach síos) diorthaihe as an CEF.

Mar malairt, féach ar an eangach féin-measúnú chun do chaighdéan féin a meá.

Bhi Rialtas na hÉireann an-ghnóthach le déanaí. Chuir siad amach Straitéis na Gaeilge 2010-2030 agus anois tá muid beagnach i lár na haoise agus ag fiafrí "cá bhfuilimid ?".

Idir an dá linn, scríobh Julian de Spáinn, as Conradh na Gaeilge, a aisling féin darb ainm Vision For The Irish Language . Is fiú go mór mór é a léamh.

Ábhar Oideachais

Tá an téacs-leabhar “Progress In Irish” an-úsáideach ach níl clár nó innéacs ann. Mar sin chuiramar le chéile ceann mionsonraithe. Rinne ar gcairde sna S.A.M. na taifeadtaí go léir chomh maith leis na freagraí do na cleachtaí aistrúcháin sa leabhar.

Sna ranganna seachtainiúla bainimid an-sult as na leabhair “Gaeilge Gan Stró”. Seo liosta na dtaifeadtaí i leabhar na dtosaitheoirí agus seo ceann eile i leabhar na meánchúrsa.

Tá an "Verb Glance Card" dírithe ar na tosaitheoirí, ach ar an drochuair tagann sé gan deachtuithe. Mar sin, seo duit deachtuithe gasta. Nuair atá tú "suas go luas" b'fhéidir go mbeidh tú ag smaoineamh ar conas na féidearthachta a mhéadú

Nuair a thagann an t-alt roimh ainmfhocal Gaeilge bíonn athraigh ann. Féach ar an leathanach seo chun iad a thuiscint.