As Gaeilge| In English

Seomra Ranga

Dia dhaoibh go léir. Doireann de Faoite is ainm dom.

Is mise ceann de na múinteóirí ag na ranganna Gaeilge seachtainiúil a mbíonn ar siúil againn má`s feidir libh a fheiscint.

I mbliana tá mé ag múineadh leibhéil a dó. Tá áthas orm tuairisc a thabhairt go bhfuil na daltaí ag obair go dian. Gheobhaidh sibh alán eolais mhaith chun na Gaeilge a mhúineadh ar an Idirlíon, mar sin ar ár "website" tá plean againn sibhse a chabhrú úsáid a dhéanamh as an méid atá foghlamtha agaibh agus comh maith le sin, na ceisteanna is coitianta a mbíonn ag gach éinne a fhreagairt. Sílim féin go mba cheart díobh iarracht a dhéanamh i gcónaí lán úsáid a bhaint as bhur gcuid Gaeilge ins na nósanna laethúil, ar an gcaoi sin, seo dhaoibh ceacht an lae inniú -

Tóg bhur ngrinn is fearr libh agus cuirigí leagan Gaeilge ortha. Obair don aos óg ach sin é an smaoineamh ar fad. Beidh sibh ag úsáid na ndíochlaontaí siúd go léir agus na h-aimsirí i bhfaiteadh na súl.

Anois, déanaigí cleachtadh ag insint bhur ngrinn do bhur gcairde. Ar gháir said?

Seo ceann amháin chun sibhse a chur ar siúil....Cad a thabharfá d'éan tinn? - Tweetment!! Ar aghaidh libh!

Spraoi leis an féilire

Cé mhéad féilirí i do thimpeall ? Má tá tú cosúil le mise, is dócha go bhfuil ceann míosúil le radhairc agat ar bhalla an chistín, b`fhéidir ceann laethúil ar do chrinlín nó b`fhéidir ceann greamaithe de`n gcuisneoir le na laethanta ar a mbailítear bruscar an tí scríobhtha air.

Ní mór é leagan Gaeilge d'fhéilire a dhéanamh duit féin. Cé`n sórt a mbeadh an ceann is úsáideach duit-se? An bhfuil laethanta saoire go soiléir air nó dátaí na gcluiche peile a mbaineann leis an bhfoireann is gile leat ag teastáil uait?

Níl ag teastáil uait ach ríomhaire agus clódóir agus ansin ar agaidh leat. Tamall ó shin, chruthaigh ceann de mo dhaltaí féilire simplí agus is feidir leat cóip (18kb PDF) de a dhéanamh duit féin. Chun é a fheiscint. Tagann sé amach i leataobh ar leathanach A4. Instear dom gurb é "taobh tire" an téarma teicniúil i gcóir an stíl sin de leagan amach, téarma maisiúil.

Ar slí éigin, bain triaill as d`fhéilire féin a chur ar bun agus feic an dhóigh chruthaitheach is féidir leat a fháil. Faigh amach na focail Ghaeilge i gcóir alán rudaí laethúla. Mar shampla-

Ansin, taispeán é do d`mhúinteoir agus déan iarracht cad atá déanta agat a mhíniú as Gaeilge. Tá scéimeanna beaga mar seo an-oiriúnach chun do smaoineamh a choimeád chun an theanga a fhoghlaim cé nach freastalaíonn tú rang ach uair amháin sa sheachtain. Go raibh rith an reatha agat !

Timpeall agus timpeall

Anois, mar fhocal scoir, chonaic formhór de móidíní an Idirlín an rud beag guairneánach a leanann do dhiritheoir luiche timpeall. Tá breith is dá rogha de`n rud sin ar fáil gan stró ach an bhfaca tú é riamh as Gaeilge?