As Gaeilge| In English

Scéal an Chumainn

Ó chéad cheapadh Cumann Gaeilge na hAstráile i Melbourne i 1991-92, tá sé ag dul ó neart go neart. Cláraíodh An Cumann go foirmiúla mar chumann teoranta ar an 7ú Bealtaine 1993 agus anois tá breis agus deich mbliana cuirthe dínn. Bíonn idir 30 - 40 de bhallraíocht an chumainn i Melbourne ag teacht le chéile go rialta gach seachtain chun a bheith páirteach sa ciorcal comhrá nó chun freastal ar na ranganna agus amhránaíocht. Bíonn Daonscoil Victoria ar siúl againn gach bliain agus bíonn imeachtaí eile ar siúl i rith na mbliana. Mar bharr ar sin tá ár suíomh idirlín féin againn anois a thabharfaidh an-dheis dúinn teagmháil a dhéanamh lenár gcáirde i ngach aird den tír seo agus thar lear, ach go mórmhór lenár gcomh-chumainn atá eagraithe sna Stáit eile, 'Ní neart go cur le céile'. D'fhéadfá a rá nach bhfuíl teorann ar bith leis an dul chun cinn gur féidir linn a dhéanamh amach anseo ach amháin ár dtoil féin. Mar sin agus an suíomh seo á sheoladh againn, neosfaimid scéal ár gCumainn don domhan mór agus cuirfimid fáilte is fiche roimh gach duine a léighfidh é. Tá fáilte comh maith roimh eolas breise nó ceartúchán ar bith ar phointe áirithe staire.

suas

An Ghaeilge san Astráil

Ach sar a dhéanfaimid trácht ar an gCumann agus cúrsaí na Gaeilge sna deich mbliana atá díreach tar éis dul thart, ní mór dúinn sracfhéachaint a thógaint ar stair na teanga Gaeilge féin sa tír seo ar dtús. Ar ndoigh, tá An Ghaeilge san Astráil ón mbliain 1788, nuair a tháinig 'An Chéad Chablach' i dtír i mBotany Bay. Mar is eol dúinn cheap an t-údarás i NSW gur saghas teanga rúnda a bhí ann agus go raibh lucht a labhartha ag iarraidh comhcheilg éigin a chuir ar bun. Níl aon eolas cruinn againn ar an méid Gaeilgeoirí a tháinig go dtí an tír seo mar daoránaigh agus ní bheidh go deo is dócha, de cheal fhianaise, mar níl ach an fo-thagairt ina taobh sna cuntais oifigiúla. I Melbourne dhealródh an scéal go raibh roinnt Gaeilgeoirí ann ó na blianta tosaigh de réir "Garryowen" (Edmond Finn) an t-iriseoir ó Chontae an Chláir a tháinig anseo sna luath 1840í. Dála an scéal, Bean Éireannach ab ea bean chéile John Batman, ceannasaí ar an Port Philip Association. Eilís Ní Cheallacháin ab ainm di agus ba chailín óg í as ceantar na hInise, Co an Chláir, nuair a chuireadh amach í go dtí VDL sna 1820í, áit ar phós sí le Batman ní ba dhéanaí. Is trua é nach bhfuil eolas againn ar laethanta a hóige in Éirinn ach más fíor é gur saolaíodh í timpeall 1800 in Iarthar na hÉireann, ní foláir nó go raibh níos mó ná cúpla focal Gaeilge aici san am sin i bhfad roimh aimsir an Ghorta Mhór.

Sa Naoiú Chéad Déag, nuair a bhí sé dian ar shliocht na nÉireannach, daoine bochta don bhformhór, bhí orthu comhréiteach a dhéanamh le cultúr agus nósanna an mhóraimh chun iad féin a chosaint fiú amháin, gan trácht ar aon dul chun cinn sa saol a dhéanamh dóibh féin. Cuireadh san 'na neamhriachtanais' mar an teanga agus an cultúr Gaelach ar leaththaobh ar mhaithe leis an gcomhshamhlú, agus cé a chuireadh an milleán anois orthu leis na deacrachtaí a bhí le sárú acu an uair sin?

Ach ag dul isteach sa Ficheiú Aois bhí rudaí ag éirí níos fearr. Bhí a háit féin bainte amach ag an Eaglais Caitliceach (an príomh-rud cultúrach a choinneodh mar comhartha féin-aitheantais ag sliocht na nÉireannach) i saol na hAstráile agus de réir a chéile thosnaigh athbheochan an chultúir leis an gceol agus damhsa Gaelach, srl. D'éirigh go hiontach leis na heagraíochtaí sin i bpríomh-bhailtí na hAstráile agus in áiteanna eile nach iad, ach bhí deachrachtaí ar leith ag baint le cúrsaí teanga, teanga a bhí tréigthe le trí nó ceithre gluain. Bhí scéalta ann (agus tá fós) i dtaobh na Gaeilge (focal nó dhó, nó b'fhéidir sliocht as sean-amhrán éigin, chun na fírinne a innsint) a bhí in áiteanna mar Kororoit agus Kilmore i Victoria, nó Boorowa, NSW, suas go dtí aimsir an Dara Chogadh Domhanda agus fós tá roinnt cloch chinn le scríbhinn as Gaeilge le fáil sna reiligí ann ('is fánach an áit ina gheobhfá gliomaigh' a deirtear ), ach sin uile.

suas

Fear léinn Gaelach

Ní hionann sin is a rá nach raibh daoine áirithe anseo 's ansúd san Astráil a bhí dúil acu i léann na Gaeilge i rith na blianta. Bhí aitheantas ar an Dochtúir Nioclás Ó Domhnaill mar scoláire na Gaeilge i Melbourne sna blianta tosaigh an chéad seo caite , cuir i gcás. Scríobh An Domhnallach alt as Gaeilge sa nuachtán 'The Catholic Advocate' ar feadh tamaill agus d'fhág sé bailiúchán leabhar Gaelacha le huacht ag Leabharlann Newman College, Ollscoil Mhelbourne, sean-lámhscríbhinn amháin san áireamh. Tá siad ann fós san Leabharlann sin i Swanston St, Carlton, ach is beag duine a leagfadh láimh orthu anois. Tá lear mór leabhar Gaelacha sa Leabharlann Caitliceach Caroline Chisholm i Lonsdale St comh maith, a bhfuarthas sa t-slí céanna ó scoláire aonarach éigin na Gaeilge de réir dealramh, ach buíochas le Dia, tá na leabhair sin le fáil do chách ach a bheith chláraithe sa Leabharlann ar chostas an-íseal.

Tá a fhios againn go raibh Conradh na Gaeilge ag feidhmiú sa Gaelic Club i Sydney sna 1920í (Craobh Albert Dryer) agus b'fhéidir go mbeidh níos mó eolais ar an ngluaiseacht sin le fáil ón ár gcáirde i NSW amach anseo. Ach i Melbourne ag deireadh na 'seachtódaí, bhí ranganna Gaeilge ar siúl ag an Sean South Club i Flinders St ar feadh bliana nó mar sin. De chúis éigin theip ar na hiarrachtaí sin diaidh ar ndiaidh, go dtí go shroicimid na 'hochtódaí agus an 'multiculturalism' in aird a réime ar fud na tíre. B'é sin an t-am a thosnaigh na 'Sean-Astráiligh' ag déanamh athmhachnamh ar a sinsir, ar an saol a bhí acu sa t-sean-thír fadó agus ag lorg fíoreolais ar a gcultúr féin i ndáiríre.

Timpeall an ama sin a thosnaíodh ranganna Gaeilge i gcúl-sheomra san 'Australian-Irish Welfare Bureau' i Fitzroy ( 'An Scoil Scarta' a tugtar uirthi). D'astraíodh í go dtí Northcote roinnt blianta ó shin agus tá sí ag feidhmiú ann fós. Ag deireadh na 'hochtódaí a thosnaigh ranganna Gaeilge sa Prince's Hill High School, Carlton, agus in Ollscoil Mhelbourne, do na foghlaimeoirí. Comh maith le sin cuireadh Clár Gaeilge ar bun ar SBS Raidió i Melbourne, a tharraing scata beag daoine le líofacht Gaeilge le chéile ó gach aird den chathair gach coicís. I measc na daoine a bhí chun tosaigh ann an uair sin bhí Muiris Ó Scanláin, Eibhlín agus Vincent Loughnane (cainteoirí duchais as Chorca Dhuibhne an triúr sin), Áine Szymanski, Daithí Ó Lúsaigh, Éamonn Ó Neachtain, Jean Tongs, Éamonn Ó Riain, Coilin Ó Riain, Louis de Paor.

suas

Bunadh An Chumainn

Ní fada go raibh fonn ag Gaeilgeoirí uilig na cathrach áit chaidrimh a bheith acu chun teacht le chéile go rialta. Sé a bhí i gceist ná grúpa nó ciorcal comhrá a eagrú ina mbeadh deis ag na cainteoirí a líofacht teanga a choimeád nó b'fhéidir snas a chuir ar a gcuid Gaeilge dá mba gá leis, agus gan dabht, cúnamh a thabhairt do na foghlaimeoirí a bhí ag freastail ar ranganna cheana féin agus a bhí ag méidiú an t-am ar fad. Bhí sé soiléir go raibh saghas chumainn ag teastáil uatha agus tar éis tamall ag teacht le chéile go neamhfhoirmiúil in áiteanna éagsúla mar Óstán Naughton's, Parkville, Óstán Dan O'Connell, Carlton, an Celtic Club i lár na chathrach agus áiteanna eile nach iad, bunadh Cumann Gaeilge na hAstráile go foirmiúil i 1992 agus cláraíodh é mar chumann teoranta go hoifigiúil ar an 7ú Bealtaine 1993. Leanadar ar aghaidh sa Celtic Club ar feadh tamaill.

suas

Ranganna i Scoil Naomh Eoin

Ach lean an suim sa Gaeilge ag méidiú agus bhí an t-éileamh ar na ranganna ar an dul céanna leis. Ní raibh aon dul as, bhí sé de dhúlgas ag an gCumann ranganna Gaeilge breise a chuir ar fáil do líon na mballríochta a bhí á éileamh agus déanfaí amhlaidh, cé go raibh deacrachtaí ar leith ag baint leis. Anois bhí ar an gCumann suíomh a fháil a bheadh oiriúnach don obair, a bheadh lárnach do ball uilig an Chumainn agus a bheadh saor a dhóthain. Tar éis seal á chaitheamh sa Leabharlann Poiblí i North Melbourne, shocraíomar síos i mBunscoil Caitliceach Naomh Eoin in East Melbourne ar an gcéad lá den dara thearma sa scoilbhliain 1993. Bhí na trí chéimeanna ann ón dtosach, Bun Rang, Meán Rang agus Ard Rang, agus anois bheadh gach rang ina sheomra féin. Bíonn Ciorcal Comhrá i seomra áirithe comh maith, má bhíonn dóthain cainteoirí líofachta i láthair.

Ba dheacair áit ní ba oiriúnaí a fháil, congarach don gcathair mar atá. Tá an clós scoile ann mar suíomh páirceála, tá cúig seomraí thuas staighre, le háiseanna teagaisc i ngach seomra, agus gan dabht seomra tae, le fáil. Ach oireann Scoil Naomh Eoin don Chumann i slí thábhachtach eile toisc gurb iad sliocht na hÉireann a thóg na sean-fhoirgnimh timpeall céad is a caoga bliain ó shin. Tá an chéad séipéal agus cloigtheach ar an sean-stíl Ghaelach, laistigh den gheata fós. Tógadh iad agus an sean-scoil féin le gann-phinginí na nÉireannach go léir sa pharóiste agus lena gcuid oibre. Tá a rian ar an áit fós, moladh go deo leo!

suas

Daonscoil Victoria

I Mí Na Samhna 1995 a chuir an Cumann a chéad scoil samhraidh na Gaeilge ar bhun toisc go raibh an scoil samhraidh i NSW ag feidhmiú fós i Mí Eanáir 1996. Mar sin thosnaigh Daonscoil Victoria (mar a tugtar anois uirthi) sa Western District, lámh le Willaura. Timpeall scór cloiginn a fhreastal uirthi ar feadh na seachtaine cé go raibh an áit fada go leor ón gcathair. D'athraíodh go dtí Mí Eanáir 1997 don dara Daonscoil agus d'aistríodh go dtí campa nua i South Gippsland, mar go raibh an t-éileamh ar áiteanna sa scoil ag méidiú. Tar éis cúpla bliana eile san áit sin (i 1998 agus 1999), d'aistríodh arís í i 2000 de bharr éilimh ar áiteanna breise, agus socraíodh ar suímheanna ní ba chongaraí don chathair sa cheantar timpeall na bailte beaga Ballan, Myrniong agus Bacchus Marsh. Sna blianta deireanacha bhí idir 50 agus 60 duine ann gach bliain.

Tá clár ama na scoile socraithe le linn na blianta le ranganna ar gach leibhéil ar maidin agus go luath san iarneoin, agus de ghnáth bíonn ranganna aisteoireachta, cheoil, rince agus amhránaiochta, srl, tar éis sin. Sna tráthnónta bíonn na ceolteoirí agus na hamhránaithe ag cleachtadh i gcomhair an choirmcheoil agus daoine eile ag foghlaim a gcuid ceachtanna nó ag comhrá. Ach d'ainneoin sin agus uile bíonn a dhóthain am saoire ag gach duine comh maith. Is dial é an obair a bhíonn ag baill An Choiste gach bliain chun gach rud a ullmhú, míle buíochas dóibh.

Is traidisiún anois é go gcríochnódh an scoil le Céilí Mór/Ceolchoirm ar an oíche deireanach agus 'scaradh na gcarad' tar éis bhricfeasta an mhaidin dar gcionn. Chun na fírinne a rá, bíonn an gairge agus an tocht i nglórtha na Gaeilgeoirí seasta ag dul i méid gach bliain.

Ón gcéad scoil samhraidh fuaireamar tacaíocht láidir ó lucht na Gaeilge i NSW agus South Australia agus anuas ar sin bíonn duine nó beirt againn gach bhliain ó áiteanna níos faide fós, Tasmania agus fiú amháin an NT (táimid ag súil le taistealaí ó Queensland, WA agus b'fhéidir NZ, sna blianta amach anseo!). Ach ba é an t-seoid is mó a bhíonn againn le linn na seachtaine ná na haíonna speisíalta a thagann chugainn gach bliain, Éireannaigh iad go léir ar ndóigh, agus Gaeilge ar a dtoil acu, ach rud níos tábhachtaí fós, iad lán sásta dul ag múinteoireacht agus ról lárnach a ghlacadh mar stiúrthóirí ar chúrsaí na seachtaine, ar a lóistín amháin. Go fada buan iad!

suas

Todhchaí an Chumainn

Ós rud é go bhfuil ré na n-imirceach beagnach thart comh fada le hÉireann de, tá sé rí-shoiléir nach bhfuil ach slí amháin ann chun an Gaeilge a choimeád beo sa tír seo sna blianta atá le teacht. Maidir le sin tá sé mar aidhm fadtréimhseach ag an gCumann go mbeidh an Ghaeilge mar ábhar oifigiúl sa chúrsa meánscoile Victoria amach anseo, agus go mbeidh an Ghaeilge in Ollscoil amháin ar a laghad, mar aonad sa chúrsa BA i Léann na Gaeilge. Agus tá réiteach na fadhbe sin idir lámha ag an gCumann cheana féin mar is é seo an dara bhliain as a chéile atá Cumann Gaeilge na hAstráile (Victoria) teo, ag cuir ranganna Geailge ar fáil do na daltaí i gColáiste Chill Bhríde i Mentone. Cinnte, níl ann ach triail fós ach de réir tuairiscí tá cúpla scoil eile sa Chóras Oideachais Caitliceach ag cuir suime ann. Siad na túismitheoirí a gcuirfidh an plean ar siúl i ndáiríre gan amhras, ach caithfimid an síol a chuir ar dtús.

Fís eile atá ag teacht chun chríoch, tar éis cruinniú speisíalta ag an Daonscoil i mbliana tá sé beartaithe go mbeadh a gcumann féin ag lucht na Gaeilge i gach Stát ag Victoria, NSW agus SA agus go mbeidh scoileanna Gaeilge deireadhseachtaine ag gach dream ar a uain féin. Bhí deireadh seachtaine fada iontach againn in Adelaide i Meitheamh 2001 agus 2002 agus tá fógraí ag dul thart agus an méid seo á scríobh, ag tabhairt cuireadh do Gaeilgeoirí na tíre teacht go dtí scoil Gaeilge Sydney ar an deireadh seachtaine fada i Meitheamh 2003.

Sin scéal an Chumann go dtí an lá atá inniu ann agus beimid ag cur leis go rialta ó am go ham as san amach, le cúnamh Dé.

suas

Criostóir Ó Maonaigh
28ú Aibreán 2003