Change Language

Fógra an Uachtaráin

GregIs onóir mhór dom bheith mar Uachtarán den Chumann seo. Gabhaim buíochas le Deirdre, a d'éirigh as an bpost, faoin jab maith, proifisiúnta a rinne sí go dtí seo.

Cheapfadh an gnáth duine go bhfuil an ról níos tábhachtaí ná mar atá mar tá an 'Astráil' sa teideal! Ach, i ndáiríre, ba mhaith liom an jab a chomhlíonadh faoi mar a bheadh sé an-thábachtach ar fad. Is deis iontach agus stairiúil é chun polasaí a chur i bhfeidhm chun an teanga agus an cultúr Ghaeilge a chur chun cinn san Astráil agus a spreagadh ó neart go neart. Níl aon dochar as bheith ag samhlaíocht agus beimid go léir ag baint taitneamh as an iarracht. Sin an dúshlán atá romhainn.

San aois nua-aimseartha seo níl aon leithscéal ach do chuid Gaeilge a chleachtadh gach lá. Ná bí ag braith ar na múinteoirí amháin chun do chuid Gaeilge a fheabhsú agus í a labhairt uair amháin sa tseachtain Tá oraibh obair baile a dhéanamh taobh amuigh den rang. Tá míorúilt de theicneolaíocht ann, uirlisí mar laptops agus ipads agus áiseanna ar an idirlíon. Is féidir leat “Skype” le daoine in Éirinn, leabhair Ghaeilge a íoslódáil (saor in aisce fós), fiú amháin ar d'fhón phóca! Tá scannáin faisnéise agus drámaí iontacha le feiceáil ar TG4 freisin.

Táim bhur spreagadh bheith níos gníomhaí ar ár suíomh ar Facebook. Roinn do chuid nuachta linn agus do smaointe a bhaineann leis an Ghaeilge. Sin é an fáth freisin gur mhaith liom go mbeidh daoine éagsúla ag tabhairt seal gach seachtain ag labhairt na fógraí as Gaeilge. Is féidir leis na daoine níos láidre cabhrú leo. Sin é. Bain taitneamh as an bhliain seo romhainn amach. Tá súil agam go mbeimid go léir níos faide ar an mbóthar le haghaidh ár gcuspóir a bhaint amach i gceann bliana. Beidh níos mó muiníne againn ár gcuid Gaeilge a úsáid agus déanfaimid cairde ar feadh na slí!

Greg Burns