As Gaeilge| In English

Fógra an Uachtaráin

Fáilte! Buailigí isteach agus fanaigí tamall linn anseo ar shuíomh Idirlíne Chumann Gaeilge na hAstráile!

Is í príomhaidhm an Chumainn daoine a spreagadh chun Gaeilge a fhoghlaim agus pobal Gaeilge a chothú sa tír seo. Tá muid an-bhródúil ar fad as an dul chun cinn atá déanta againn le deich mbliana anuas.

Scríobh an file William Butler Yeats (1865-1939) gur 'as aislingí a thagann freagracht'. Bunaíodh Cumann Gaeilge na hAstráile de thoradh aislinge, agus creidim anois go bhfuil sé de dhualgas orainn uilig aisling úd an Chumainn a chur chun cinn. Tá muid ag súil go mór le fás agus forbairt na Gaeilge san Astráil sna blianta atá romhainn amach.

Is tír ilchultúrtha í an Astráil. Tá go leor teangacha seachas Béarla á labhairt ann, agus Gaeilge ina measc. Tá ceangal ríláidir idir an Ghaeilge agus dúchas na hÉireann, agus baint aici le seanthraidisiún béaloideasa, filíochta agus amhránaíochta. Neartaíonn agus cothaíonn muid an ceangal tábhachtach sin idir an dá thír.

Is iontach an sás é an gréasán domhanda chun Gaeilgeoirí an domhain a chur in aithne dá chéile agus scéalta a roinnt agus a phlé. Míle buíochas leis na baill a chuir an suíomh seo le chéile. Nár laga Dia sibh!

Má tá tú ag iarraidh páirt a ghlacadh sa tionscnamh seo téigh i dteagmháil linn agus fáilte.

Bí bródúil as do theanga.