As Gaeilge| In English

Scéal an Bháid Bhig

Tá sé ráite gur saintréith na gCeilteach í an dúil san éiginnteacht, mar atá léirithe ina gcuid saothar ealaíne ach go háirithe.

Sé sár-thaispeántas na saintréithe sin 'An Taisce Bhroighter', cnuasach breá earraí óir ón gcéad aois Roimh Chriost, a fuarthas sa riasc ar bhruach Loch Feabhail. Mar is gnáth sa chineál ealaíne seo tá sé teibí (saintréith choitianta ar fud an domhain Cheilteach ar fad), ach tá siombalachas ann ag an am céanna.

Bhí bráisléid agus seodra eile sa dtaisce, agus ina measc bhí mionsamhail árthach seoil le naoi dtochta, agus coire; earraí a bhain le Dia na Farraige, Manannán Mac Lir de réir cosúlachta bhí seisean cothrom le Poseidon nó Neptune agus ba íobairtí mhóideacha chuige an dá earra sin.

an Bháid Bhig Ní fada tar éis na taisce a fhionntú ná go raibh sí i sheilbh ag Iarsmalann na Breataine i Londain, ach má bhí, chuir Acadamh Ríoga na hÉireann cúis dleatach ina n-aghaidh chun í a fháil ar ais. Aisteach go leor, b'é an dlíodóir Edward Carson a chuir an cás i láthair na cúirte agus a bhúaigh; an fear céanna a tháinig chun tosaigh sa bhfeachtas i gcoinne Féin Rialais a ba chúis leis an deighilt idir An Túischeart ina bhfuarthas an taisce ar dtús, agus Poblacht na hÉireann ina bhfuil sí anois.

San am sin a dheineadh na samplaí iontacha seo de ealaín na gCeilteach, bhí sean-thaithí ar Éirinn ag na longa trádála a bhí ag feidhmiú ar chósta na hEorpa. An Ghaeilge a bheadh á labhairt ag an gceardaí áitiúil a dhein iad agus b'fhéidir, beagáinín Laidine a d'fhoghlaimeodh sé óna trádálaithe miotal lómhara. Cé go mbeadh áit na hÉireann sa domhan incheaptha ar eolas aige, ní móide gur fear mór léinn é, ach é a bheith oilte ina cheard féin.

N'fheadar ar shamhlódh sé riamh go dtiocfadh lá a nochtfaí a earraí arís dhá mhíle bliain ní ba dhéanaí, agus go mbeadh áit lárnach ag torraí a chuid oibre i mbailiúchán saothair thábhachtacha na tíre?

Griangraif ó Iarsmalann Náisiúnta na hÉireann
Aistrithe ón mBéarla ag Criostóir Ó Maonaigh